Donate
Join Now

Ní mór don Rialtas tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i seirbhísí agus i mbonneagar más mian linn go mairfidh na pobail oileánda agus go n-éireoidh leo, dar le hiarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta san fhothoghchán i nGaillimh Thiar, Míde Nic Fhionnlaoich.

Bhí an méid sin le rá ag Míde agus í ar cuairt ar Oileáin Árann ag an deireadh seachtaine. Ag labhairt di in Árainn, dúirt sí:

“Is deacair áilleacht agus spiorad uathúil na n-oileán seo a shárú agus is cinnte go bhfuil siad ar cheann de na seoda is luachmhaire in Éirinn ó thaobh turasóireachta de. Tagann níos mó ná ceathrú milliúin cuairteoirí anseo gach uile bhliain.

“De dheasca an laghdaithe atá tagtha ar ghníomhaíochtaí traidisiúnta amhail iascaireacht agus talmhaíocht, is ar an turasóireacht a bhraitheann geilleagar na n-oileán go príomha anois, go mór mór in Árainn. Cé gur bealach iontach tábhachtach í an turasóireacht do mhuintir na n-oileán a gcuid a shaothrú, tá imní ann freisin go bhféadfadh aon laghdú ar líon na dturasóirí de bharr éagobhsaíocht dhomhanda a bheith tubaisteach ó thaobh airgid de, agus go bhfuil forbairt agus seirbhísí don phobal áitiúil ag titim chun deiridh.

“Tá ceist mhór ann i gcónaí faoi chóireáil fuíolluisce ar na hoileáin, mar aon le teacht aniar an chórais fuinnimh anois agus drochaimsir ann níos minice de dheasca an athraithe aeráide.

“Mar gheall ar an easpa rialála ar Airbnb agus ar dheacrachtaí pleanála, tá an chéad ghlúin eile d’oileánaigh fágtha gan áit le cónaí ann.

“Ina theannta sin, tá imní mhór ann faoin tionchar atá ag cuótaí ísle iascaireachta ar shlí bheatha iascairí beaga, agus cuid mhaith acu ag streachailt anois sa tionscal.

“Le go mairfidh na pobail oileánda seo agus go n-éireoidh leo, tá sé tábhachtach nach bhfágfaí iascairí ar an trá fholamh.

“Le cabhrú leis na pobail oileánda éagsúlú a dhéanamh, ní mór don Rialtas tacú le gnólachtaí nua, a chinntiú go bhfuil bonneagar láidir fuinnimh ar fáil agus ceart iomlán a thabhairt isteach le bheith ag obair ón mbaile.

“Tá mé an-bhuíoch as an bhfáilte mhór a chuir muintir Árann romham agus bhí sé an-suimiúil cloisteáil go díreach ó na daoine féin faoi chuid de na dúshláin atá le sárú acu.”

28 Aibreán 2026

Back to all Posts