Donate
Join Now

Meet Chris

I’m Chris Pender, the Social Democrats Councillor for Newbridge on Kildare County Council.

I have lived in Newbridge since I was 15 and have a deep connection to the community. I’m proud to be a representative of the people as a County Councillor on Kildare County Council.

I am passionate about social justice and community well-being. As a former Director of Hope(D), a mental health charity, and now as a Director of the Newbridge Family Resource Centre and the South Western Regional Drugs and Alcohol Task Force, I’ve dedicated my life to supporting individuals and families affected by addiction, mental health challenges, and housing issues. I’ve worked hard in areas such as Newbridge, Kildare Town, and Athy to secure vital resources and services to improve lives.

I believe that our area deserves better, and I know the Social Democrats have the vision, policies, and people to make real change—from tackling the housing crisis to ensuring a fairer, greener economy. Together, we can build a better future for our area.

Chris’s Priorities

  • Housing – I will fight to bring more affordable homes to rent and buy, and ensure the end of bulk-buying by investment funds.
  • Defence Forces – I will advocate for better pay, conditions, and mental health resources for our Defence Forces and veterans, ensuring they get the respect they deserve.
  • Disability Support – I will push for the full staffing of Children’s Disability Network Teams and a new weekly Cost of Disability payment.
  • Mental Health – I will ensure that mental health services are properly funded and accessible to everyone.
  • Public Services – I will prioritise investment in public services, housing, and youth amenities to build stronger communities.

Get in touch

[email protected]

085 829 8237

Unit 1 Liffey House, Lower Eyre Street, Newbridge, Co. Kildare.

Make a Donation

Make a Donation

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate

Cuir aithne ar Chris

Is mise Chris Pender, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCill Dara Theas, agus is comhairleoir do Dhroichead Nua ar Chomhairle Contae Chill Dara mé faoi láthair.

Chónaigh mé i nDroichead Nua ó bhí mé 15 bliana d’aois agus tá ceangal láidir agam leis an bpobal. Tá bród orm as bheith i m’ionadaí do na daoine mar chomhairleoir ar Chomhairle Contae Chill Dara.

Táim paiseanta faoi cheartas sóisialta agus faoi fholláine phobail. Bhíodh mé i mo Stiúrthóir ar an gcarthanas meabhairshláinte Hope(D) agus is Stiúrthóir anois mé ar Ionad Acmhainní Teaghlaigh Dhroichead Nua agus ar Thascfhórsa Réigiúnach Drugaí agus Alcóil an Iardheiscirt. Tá mo shaol caite agam ag tacú le daoine agus le teaghlaigh atá thíos le handúil, le dúshláin mheabhairshláinte agus le fadhbanna tithíochta. D’oibrigh mé go dian in áiteanna cosúil le Droichead Nua, Baile Chill Dara, agus Baile Átha Í le hacmhainní agus seirbhísí ríthábhachtacha a fháil le saol daoine a fheabhsú.

Beidh mé ag seasamh san Olltoghchán atá ar na bacáin mar iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta i gCill Dara Theas.

Creidim go bhfuil margadh níos fearr tuilte ag ár gceantar, agus is eol dom go bhfuil an fhís, na beartais agus na daoine ag na Daonlathaithe Sóisialta le fíorathrú a dhéanamh – idir dhul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta agus gheilleagar níos cothroime agus níos glaise a chinntiú. Is féidir linn saol níos fearr a bhaint amach don cheantar le chéile.

Tosaíochtaí Chris

  • Tithíocht – Troidfidh mé ar son níos mó áiteanna cónaithe inacmhainne ar cíos agus le ceannach, agus cinnteoidh mé go gcuirfear deireadh le bulc-cheannach ag cistí infheistíochta.
  • Na Fórsaí Cosanta – Tacóidh mé le pá, le dálaí, agus le hacmhainní meabhairshláinte níos fearr do na Fórsaí Cosanta agus d’iarshaighdiúirí, lena chinntiú go léirítear an meas orthu atá ag dul dóibh.
  • Tacaíocht Mhíchumais – Éileoidh mé soláthar iomlán foirne d’Foirne an Líonra Míchumais Leanaí agus íocaíocht nua faoi chomhair Costais Mhíchumais.
  • Meabhairshláinte – Cinnteoidh mé go maoinítear seirbhísí meabhairshláinte i gceart agus go mbíonn teacht ag gach duine orthu.
  • Seirbhísí Poiblí – Tabharfaidh mé tús áite d’infheistíocht i seirbhísí poiblí, i dtithíocht, agus in áiseanna don óige le pobail níos láidre a thógáil.

Get in touch

[email protected]

085 829 8237

Unit 1 Liffey House, Lower Eyre Street, Newbridge, Co. Kildare.

Make a Donation

Make a Donation

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate