Donate
Join Now

Meet Eoin

Eoin Hayes is the Social Democrats TD for Dublin Bay South.

A committed political campaigner, Eoin was a leader of the student movement against the government’s post-crash austerity policies and a dedicated campaigner during the Marriage Equality and Repeal the 8th campaigns. He joined the Social Democrats in 2017.

In the 2024 local elections, Eoin won a seat on Dublin City Council in the Kimmage-Rathmines local electoral area. He went on to win the Social Democrats’ first ever Dáil seat in Dublin Bay South in the 2024 General Election.

Eoin is a graduate of London Business School, and prior to taking his seat in the Dáil worked as a consultant helping small businesses to grow.

A firm believer in the principles of Social Democracy, Eoin is passionate about creating a strong, sustainable economy that creates opportunities for everyone and supports a state with the capacity to deliver outstanding public services.

Ireland is a great country with great people, but Irish politics needs to be more courageous. I believe there is a better way of leading the country to solve its most pressing problems, and our people deserve a standard of life consistent with any other European country – great public services, proper, well-maintained modern infrastructure, thriving small businesses, and a safe city.

Eoin’s Priorities

  • Delivering Homes for People, Not Funds – The state and councils must build affordable, social, and private homes for sale and rent.
  • Raising Families – Plan for changing demographics with childcare availability, timely investment in school facilities for all levels of ability, and investment in publicly accessible sports amenities.
  • Prioritising the Care Economy – Fully fund and implement Sláintecare, including ramped-up investment in mental health and disability services, so everyone gets the standard of care they deserve.
  • Infrastructure for the 21st Century – Accelerated expansion of Dublin’s rail network, improved flood defences, and clean water system investment.
  • A Safer Dublin for Everyone – Increase community policing, invest in youth facilities and anti-racism programmes, and strengthen social and mental health services.
  • A Resilient Economy – Focus on Ireland’s indigenous economy, fostering small businesses, start-ups, and innovation.

Cuir aithne ar Eoin

Is mise Eoin Hayes, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas, agus is comhairleoir do Chamaigh-Ráth Maonais mé faoi láthair.

Tá cónaí orm in áit ar cíos ó thosaigh mé amach agus súil agam a bheith i m’úinéir tí amach anseo. Tá cur amach pearsanta agam ar an ngéarchéim thithíochta agus ar an tionchar millteanach a imríonn sé ar theaghlaigh agus ar dhaoine óga ar fud na cathrach. Sin ceann de na cúiseanna is mó a mbeidh mé ag seasamh san olltoghchán.

Cónaím i mBaile Átha Cliath 6 le mo chéile agus oibrím mar shainchomhairleoir a chabhraíonn le gnólachtaí beaga fás. Is céimí de chuid Scoil Ghnó Londan mé agus táim paiseanta faoi dheiseanna geilleagracha a chruthú do gach duine.

Is iontach an tír í Éire, lán le daoine iontacha, ach caithfidh an pholaitíocht in Éirinn a bheith níos cróga. Creidim go bhfuil bealach níos fearr ann leis an tír a stiúradh agus na fadhbanna is práinní a réiteach, agus tá caighdeán beatha tuillte ag gach duine againn atá chomh maith céanna le haon tír Eorpach eile – seirbhísí poiblí den scoth, bonneagar nua-aimseartha ar a ndéantar cothabháil mhaith, gnólachtaí beaga faoi rath, agus cathair shábháilte.

Má aontaíonn tú leis sin, bí páirteach inár bhfeachtas.

Caithfidh an pholaitíocht in Éirinn a bheith níos cróga. Creidim go bhfuil bealach níos fearr ann leis an tír a stiúradh agus na fadhbanna is práinní a réiteach, agus tá caighdeán beatha tuillte ag gach duine againn atá chomh maith céanna le haon tír Eorpach eile.

Tosaíochtaí Eoin

  • Áiteanna Cónaithe a Thabhairt do Dhaoine, seachas do Chistí – Caithfidh an Stát agus na comhairlí áiteanna cónaithe inacmhainne, sóisialta agus príobháideacha a thógáil lena ndíol agus lena ligean ar cíos.
  • Teaghlaigh a Thógáil – Pleanáil do dhéimeagrafaic atá ag athrú – fáil ar chúram leanaí, infheistíocht thráthúil in áiseanna scoile do gach leibhéal cumais, agus infheistíocht in áiseanna spóirt a bhfuil teacht ag an bpobal orthu.
  • Tús Áite a thabhairt don Gheilleagar Cúraim – Sláintecare a mhaoiniú agus a chur i bhfeidhm go hiomlán, lena n-áirítear infheistíocht níos mó i seirbhísí meabhairshláinte agus míchumais chun go bhfaighidh gach duine an caighdeán cúraim atá ag dul dóibh.
  • Bonneagar don 21ú hAois – Gréasán iarnróid Bhaile Átha Cliath a leathnú níos tapúla, cosaintí níos fearr ar thuilte, agus infheistíocht i gcóras uisce ghlain.
  • Baile Átha Cliath Níos Sábháilte do Gach Duine – Póilíneacht phobail a mhéadú, infheistiú in áiseanna do dhaoine óga agus i gcláir in aghaidh an chiníochais, mar aon le seirbhísí sóisialta agus meabhairshláinte a neartú.
  • Geilleagar Acmhainneach – Díriú ar gheilleagar dúchasach na hÉireann, agus gnólachtaí beaga, gnólachtaí nuathionscanta agus an nuálaíocht a chothú.