Donate
Join Now

Meet Rory

I’m Rory Hearne, the Social Democrats TD for Dublin North-West.

I have been elected to replace Róisín Shortall TD, as your Social Democrats candidate for Dublin North-West.

My wife and I have lived on Dublin’s Northside for over 20 years. I’m a father of four children and I believe in an Ireland where every child can realise their full potential, where all children have a home, and a fair and sustainable future.

I have been a strong campaigner on the housing crisis in recent years, speaking up for the Locked-Out Generation. I’m an Associate Professor at Maynooth University with wide expertise in housing, homelessness, and social policy, and have written extensively on solutions to Ireland’s housing crisis.

I share Róisín’s vision for a society and economy that works for all. As a country, we have never had greater wealth and yet social crises worsen, from housing and homelessness to the cost of living, and inequality.

I am committed to working on behalf of the people of Dublin North-West to create a better, fairer Ireland. We need new solutions and new politics. The Social Democrats have the policies, people, and passion required to have a positive lasting impact on our community and country.

Rory’s Priorities

  • Housing – Solving the housing crisis for Generation Locked-Out and ending homelessness.
  • Public Services – Guaranteeing public services that work for everyone (healthcare, mental health, education, childcare, disability services, transport, community facilities).
  • Climate – Ensuring a sustainable future for all of our children through real climate action and investment in a socially just transition.
  • A Fair Transition – Ensure everyone benefits from the shift to a zero-carbon economy.
  • Peace and Justice – Advocate for peace and an end to the genocide in Gaza.

Cuir aithne ar Rory

Is mise Rory Hearne, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh.

Roghnaíodh mar iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh mé le teacht in ionad an TD Róisín Shortall, atá le héirí as.

Tá cónaí orm féin agus ar mo bhean chéile i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath le breis agus 20 bliain anuas. Athair le ceathrar leanaí mé agus creidim gur cheart go mbeadh gach leanbh in Éirinn in ann barr a gcumais a bhaint amach, gur cheart go mbeadh áit chónaithe ag gach leanbh agus gur cheart go mbeadh todhchaí chothrom agus inbhuanaithe i ndán dóibh.

Tá mé i mbun feachtasaíochta ar cheist na géarchéime tithíochta le blianta beaga anuas, ag labhairt amach ar son na ndaoine siúd nach bhfuil d’acmhainn acu teach dá gcuid féin a cheannach. Ollamh Comhlach mé ag Ollscoil Mhá Nuad agus tá saineolas fairsing agam ar chúrsaí tithíochta, easpa dídine agus beartas sóisialta, agus tá an-chuid scríofa agam maidir le réitigh fhéideartha ar ghéarchéim thithíochta na hÉireann.

Tá an fhís chéanna agam agus atá ag Róisín do shochaí agus do gheilleagar a oibríonn do chách. Ní raibh an oiread seo airgid againn riamh mar thír, ach tá na géarchéimeanna sóisialta ag dul in olcas i gcónaí – idir thithíocht, easpa dídine, chostais mhaireachtála agus neamhionannas.

Caithfidh mé dúthracht le hobair ar son mhuintir Bhaile Átha Cliath Thiar Thuaidh chun Éire níos fearr agus níos cothroime a chruthú. Teastaíonn réitigh nua agus polaitíocht nua uainn. Tá na beartais, na daoine agus an paisean ag na Daonlathaithe Sóisialta le lorg dearfach a mhairfidh i bhfad a fhágáil ar ár bpobal agus ár dtír.

Tosaíochtaí Rory

  • Tithíocht – An ghéarchéim thithíochta a réiteach don ghlúin nach féidir leo a dtithe féin a cheannach agus deireadh a chur le heaspa dídine.
  • Seirbhísí Poiblí – Seirbhísí poiblí a chinntiú a oibríonn do gach duine (cúram sláinte, meabhairshláinte, oideachas, cúram leanaí, seirbhísí míchumais, iompar, áiseanna pobail).
  • An Aeráid – Todhchaí inbhuanaithe a chinntiú dár leanaí go léir ach fíorghníomhú ar son na haeráide agus infheistíocht a dhéanamh in aistriú atá cóir ó thaobh cúrsaí sóisialta de.
  • Aistriú Cóir – A chinntiú go mbaineann gach duine tairbhe as an aistriú go geilleagar atá saor ó charbón.
  • Síocháin agus Ceartas – Tacú leis an tsíocháin agus deireadh a chur leis an gcinedhíothú in Gaza.