I’m Elisa O’Donovan, the Social Democrats Councillor for Limerick City West.
I live in Limerick City Centre and work as a Speech and Language Therapist. I have been elected twice to represent the people of Limerick City West on Limerick Council. I have previously worked for the HSE, Headway, the Disability Federation of Ireland, and Mental Health Reform, and am a current member of the Regional Health Forum. I bring decades of experience to Limerick Council as a front-line healthcare worker.
I love running, cycling, and swimming, and can be found most Saturday mornings at Mungret parkrun. In 2017, I established #SwimableLimerick, an initiative to promote social swimming in the River Shannon in Limerick City. I have two Deel Animal Rescue cats named Mittens and Socks. I am a strong advocate for culture and the arts in Limerick, especially for youth theatre and creativity.
I want Limerick people to have an honest voice in Dáil Éireann that they can trust—a voice that they know will speak up for the experiences of people across ALL communities, and in particular for Limerick women, as there is no woman representing Limerick at national level now. I am never afraid to ask hard questions, and I will not let you down.
Together, we can build a bright future for Limerick.
My vision for Limerick is very clear. I want to build a Limerick that is fair, creative, prosperous and healthy. I want to build safer spaces for everyone in our city and county. I want to prioritise better public services and amenities so we can build strong and healthy communities
Is mise Elisa O’Donovan, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCathair Luimnigh, agus is comhairleoir do Chathair Luimnigh Thiar mé faoi láthair.
Cónaím i Lár Chathair Luimnigh agus oibrím mar Theiripeoir Urlabhra agus Teanga. Toghadh faoi dhó mé le hionadaíocht a dhéanamh do mhuintir Chathair Luimnigh Thiar ar Chomhairle Contae Luimnigh. D’oibrigh mé roimhe seo le FSS, Headway, Cónaidhm na hÉireann um Míchumas agus le Mental Health Reform, agus is ball den Fhóram Sláinte Réigiúnach mé faoi láthair. Is féidir liom taithí na mblianta a chur ar fáil do Chomhairle Luimnigh mar oibrí cúraim sláinte ar an túslíne.
Is aoibhinn liom a bheith ag rith, ag rothaíocht agus ag snámh, agus bím ag rith páirce Mhungairit beagnach gach maidin Shathairn. Bhunaigh mé #SwimableLimerick in 2017, tionscnamh le snámh sóisialta a chur chun cinn ar an tSionainn i gCathair Luimnigh. Tá dhá chat agam a fuair mé ó Tharrtháil Ainmhithe na Daoile – Mittens agus Socks. Tacaím go láidir leis an gcultúr agus leis na healaíona i Luimneach, go háirithe le hamharclannaíocht agus le cruthaitheacht i measc an aosa óig.
Ba mhaith liom go mbeadh glór ionraic ag muintir Luimnigh i nDáil Éireann ar féidir leo muinín a bheith acu as – glór is eol dóibh a labhróidh amach ar son daoine sna pobail GO LÉIR, agus go háirithe ar son mhná Luimnigh, mar gheall nach bhfuil aon bhean ina hionadaí do Luimneach ar leibhéal náisiúnta faoi láthair. Ní bhíonn drogall riamh orm ceisteanna diana a chur, agus ní ligfidh mé síos sibh.
Is féidir linn todhchaí gheal a chruthú do Luimneach le chéile.
Tá m’fhís do Luimneach an-soiléir. Is mian liom Luimneach a chruthú atá cothrom, cruthaitheach, faoi rath agus folláin. Is mian liom spásanna níos sábháilte a thógáil sa chathair agus sa chontae. Is mian liom tús áite a thabhairt do sheirbhísí agus d’áiseanna poiblí níos fearr chun gur féidir linn pobail láidre agus fholláine a thógáil.