I’m Liam Quaide, the Social Democrats TD for Cork East. I previously was a Councillor with the East Cork Municipal District since 2019.
I am also a clinical psychologist and have worked for many years with Community Adult Mental Health teams, and more recently in hospital outpatient services. After becoming a parent I was drawn to politics by the urgency of the climate crisis, and I strongly believe that environmental action and social justice need to go hand in hand.
Since becoming a Councillor, I led a successful campaign to restore community residential services for people with severe and enduring mental health difficulties. This has resulted in a multi-million Euro commitment by the HSE in East Cork, which will allow people with the highest level of need to live in their community.
I have campaigned for stronger measures to address vacancy and dereliction, higher quality public transport and greater protection for trees and hedgerows. I believe that disability services for young people and adults are in need of major investment and reform.
Prior to entering politics, my values and priorities were reinforced by voluntary work with Amnesty Ireland and the Samaritans.
Politics for me is about giving a voice and giving power to people in our society who feel left behind or disregarded. It is about protecting nature, and strengthening our communities and our economy.
Is mise Liam Quaide, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCorcaigh Thoir, agus is comhairleoir do Mhainistir na Corann ar Chomhairle Contae Chorcaí mé faoi láthair.
Is síceolaí cliniciúil mé a d’oibrigh ar feadh na mblianta le Foirne Meabhairshláinte Pobail d’Aosaigh agus atá anois ag obair i seirbhísí ospidéil d’othair sheachtracha. Práinn na ngéarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta a mheall chun na polaitíochta mé ar an gcéad dul síos, agus creidim go tréan gur gá aird a thabhairt ar an gcomhshaol agus ar cheartas sóisialta ag an am céanna.
Tá feachtas rathúil curtha ar bun agam i gCorcaigh Thoir ó rinneadh comhairleoir díom le seirbhísí cónaithe pobail a chur ar fáil arís do dhaoine a bhfuil deacrachtaí móra agus marthanacha meabhairshláinte acu. Gheall FSS i gCorcaigh Thoir na milliúin euro a chur ar fáil mar thoradh ar an bhfeachtas sin, méid a chuirfidh ar chumas daoine a bhfuil an leibhéal is airde gátair acu a bheith ina gcónaí ina bpobal féin.
D’eagraigh mé feachtais le crainn agus fálta sceach a chosaint ar bhealach níos fearr agus le hiompar poiblí ar chaighdeán níos airde a chur ar fáil. Creidim go dteastaíonn infheistíocht agus athchóiriú mór ó sheirbhísí míchumais do dhaoine óga agus fásta.
Neartaigh an obair dheonach a rinne mé le Amnesty Éireann agus leis na Samáraigh mo luachanna agus mo thosaíochtaí pearsanta sula ndeachaigh mé leis an bpolaitíocht.
Is éard a dhéanann an pholaitíocht, dar liom féin, ná glór agus cumhacht a thabhairt do dhaoine inár sochaí a fhágtar ar lár nó a dtugtar neamhaird orthu. An dúlra a chosaint, pobail a chothú agus an geilleagar a neartú, sin iad bun agus barr an scéil, dar liom.