Patricia Stephenson is the Social Democrats Senator for the Labour Panel in Seanad Éireann.
Growing up in post-conflict Belfast, Patricia has been deeply influenced by the region’s challenges. Her upbringing has instilled in her a commitment to peacebuilding and human rights.
Patricia spent almost a decade working in international development, including six years living in East Africa, including South Sudan and Uganda. Her efforts focused on collaborating with communities to address local needs.
Upon returning to Ireland Patricia and her partner settled on the Carlow-Kilkenny border, renovating a derelict cottage near her family. Growing up, holidays with her family provided her with a connection to rural life that she loves. This has deepened her advocacy for policies that ensure rural areas thrive without being left behind.
Motivated by the struggles she observed in accessing essential services and housing, she entered politics to advocate for change. She is a vocal proponent of women’s rights. Her experiences, both domestically and internationally, have shaped her holistic approach to policy-making, always prioritising marginalised voices.
I believe that everyone deserves to have a good quality of life, no matter what their background is. I want to make sure communities across Ireland have the resilience to prosper.
Is mise Patricia Stephenson, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCeatharlach-Chill Chainnigh.
Rugadh i mBéal Feirste mé agus is oibrí cabhrach idirnáisiúnta anois mé atá bunaithe i gCaisleán an Chomair. Chuir mé féin agus mo chéile fúinn ar theorainn Cheatharlach-Chill Chainnigh tar éis sé bliana a chaitheamh in Oirthear na hAfraice, agus rinneamar athchóiriú ar theachín tréigthe gar do cheantar mo mhuintire. Bhí áit chónaithe eile agam agus mé ar saoire le m’aintín agus m’uncail ar a bhfeirm nuair a bhí mé ag fás aníos. Rinne mé ceangal ansin le saol na tuaithe, rud a thaitníonn go mór liom go fóill.
D’fhoghlaim mé trí m’obair nach bhfuil aon fhorbairt ann gan síocháin – in Éirinn, níl aon fhorbairt ann gan dínit. Tuigim na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine gach lá, agus cuireann sé frustrachas agus fearg orm go bhfuil ag teip ar an stát seirbhísí maithe a sholáthar go fóill. Bhí blianta fada ag an stát le dul i ngleic leis na fadhbanna seo, ach tá rudaí ag éirí níos deacra do dhaoine, seachas níos fearr.
Teastaíonn rialtas uainn a thacaíonn go cothrom le gach duine de na saoránaigh, a éisteann leo agus a labhraíonn leo, seachas rialtas a dhéanann a rogha rud. Tá go leor taithí agam ar abhcóideacht agus ar athmhuintearas trí m’obair mar thaidhleoir de chuid an AE.
Oibrím go dian, tá mé freagrúil, éifeachtúil agus ionbháúil agus is scileanna iad seo a úsáidfidh mé le hionadaíocht a dhéanamh do mhuintir Cheatharlach-Chill Chainnigh. Tá an ceartas sóisialta agus an dínit go smior ionam, rudaí a thugann an spreagadh dom iarracht a dhéanamh le teann díchill athrú bríoch a bhaint amach.