Donate
Join Now

D’fhógair na Daonlathaithe Sóisialta inné plean cúig phointe d’fhonn an soláthar tithíochta inacmhainne a mhéadú i gceantair Ghaeltachta.

Is iad Míde Nic Fhionnlaoich, iarrthóir an pháirtí san fhothoghchán i nGaillimh Thiar, agus Rory Hearne TD, urlabhraí tithíochta an pháirtí, a sheol an Plean Tithíochta don Ghaeltacht sa Spidéal.

Ag labhairt di ag seoladh an phlean, dúirt Míde Nic Fhionnlaoich:

“Tá an easpa tithíochta inacmhainne ina bagairt mhór do phobail Ghaeltachta agus don Ghaeilge araon.

“Ní féidir linn ligean don Ghaeltacht dul ar gcúl agus ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh an chéad ghlúin eile in ann teach a fháil agus a saol a chaitheamh anseo.

“Cinnteoidh an plean atá againn go mbeidh sé sin indéanta – ach caithfidh an toil pholaitiúil a bheith ann i dTeach Laighean chun é a chur i bhfeidhm.”

Dúirt Rory Hearne TD:

“Tá ag teip ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael a chinntiú go dtiocfaidh ár dteanga slán toisc gur cosúil nach bhfuil sé ar a gcumas tithe inacmhainne a chur ar fáil do chainteoirí dúchais óga ar mian leo fanacht sna pobail Ghaeltachta inar tógadh iad.

“Teastaíonn uainn go mbeadh ról díreach ag Údarás na Gaeltachta i dtithíocht inacmhainne a sholáthar. Tá sé de fhreagracht ar an Stát ár dteanga agus na pobail Ghaeltachta a chosaint.

“Mar chuid den réiteach, ní mór dúinn díriú go daingean ar ligean gearrthéarmach agus a chinntiú go gcaithfear leis na háitribh seo mar thithe, agus ní mar shócmhainní.”

Faoi phlean na nDaonlathaithe Sóisialta, chruthófaí straitéis náisiúnta tithíochta, pleanála agus forbartha do na Gaeltachtaí. D’fhorbrófaí treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, ina dtabharfaí aird ar an dualgas reachtúil atá ar na húdaráis áitiúla an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga phobail.

Dhéanfaí Straitéis Daonra agus Tithíochta a fhoilsiú i leith gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta d’fhonn fás inbhuanaithe na gceantar Gaeltachta a chinntiú.

Faoi na moltaí, thabharfaí feidhmeanna soiléire d’Údarás na Gaeltachta ó thaobh tithíochta de, lena n-áirítear na cumhachtaí agus an maoiniú chun tithe a chur ar fáil go díreach. Bheadh an cead ag an Údarás talamh a cheannach freisin, chomh maith le láithreáin sheirbhísithe a fhorbairt agus a dhíol le cainteoirí Gaeilge.

I measc ghnéithe eile an phlean tá bearta chun tabhairt faoi áitribh fholmha agus thréigthe sna Gaeltachtaí; srianta ar phleanáil le haghaidh ligean gearrthéarmach; bunú comharchumann tithíochta nua Gaeilge; athbhunú Scéim na nDeontas Tithíochta Gaeltachta; agus rialacháin chriosaithe nua a úsáid chun a leagan síos nach bhfuil áitribh i gceantair ina labhraítear Gaeilge le húsáid ach mar phríomháit chónaithe amháin.

12 Bealtaine 2026

Nóta: léigh an Plean Tithíochta don Ghaeltacht ina iomláine anseo

Back to all Posts