Dar le Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, Jennifer Whitmore, agus iarrthóir an pháirtí san fhothoghchán i nGaillimh Thiar, Míde Nic Fhionnlaoich, caithfidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) soiléiriú a thabhairt ar an bpróiseas le cearta traidisiúnta bainte feamainne a dhaingniú sula ndeonófar aon cheadúnais tráchtála eile.
Ag labhairt di i ndiaidh don cheist maidir le cearta traidisiúnta bainte feamainne a bheith ardaithe ag Coiste an Oireachtais um Iascach inniu, bhí an méid seo le rá ag an Teachta Whitmore:
“Bhí mé sásta cuireadh chuig éisteacht an choiste inniu a thabhairt do Mike Ó Curraoin, bainteoir feamainne as Leitir Calaidh. Tá Mike ag obair le feamainn ó bhí sé an-óg – á baint de láimh agus á húsáid mar leasachán ar an talamh – mar sin tá sé tábhachtach go roinnfí a chuid saineolais sa réimse seo.
“D’admhaigh MARA inniu go bhféadfadh sé a bheith deacair do bhainteoirí nach bhfuil doiciméid oifigiúla acu a chruthú go bhfuil cearta traidisiúnta acu i gceantair ar leith ar chósta thiar na hÉireann.
“Go traidisiúnta, bhí ar bhainteoirí úsáid láithreáin ó ghlúin go glúin a léiriú, agus ansin a lámh a chur le mionnscríbhinn chuige sin. Ach ní fhágann sé sin nach féidir le duine ar bith eile teacht isteach agus a mhaíomh go bhfuil cearta traidisiúnta aigesean san áit chéanna.
“Cé go bhfuil treoirlínte ar an gceist seo ar láithreán gréasáin MARA, ní thugann siad míniú soiléir ar an bpróiseas. Chomh maith leis sin, tugann an t-údarás comhairle do na bainteoirí traidisiúnta feamainne gur cheart dóibh a chinntiú go bhfuil siad cláraithe le Tailte – seirbhís clárúcháin agus luachála maoine an Stáit – ionas go mbeidh taifead ann ar a gcuid ceart.
“Ag an gcruinniú inniu, chuir Údarás na Gaeltachta in iúl go soiléir nach raibh siadsan ar an eolas faoi na próisis sin agus go raibh imní orthu faoin neamhchinnteacht atá ann faoi na bealaí ar féidir le bainteoirí iad féin agus a gcuid ceart a chur ar taifead. Is léiriú é sin ar an leibhéal mearbhaill agus easpa feasachta atá ann maidir le ceist na gceart bainte feamainne.”
Dúirt Míde Nic Fhionnlaoich:
“Is léir ó éisteacht an choiste inniu nach raibh dóthain cumarsáide ann leis na bainteoirí traidisiúnta feamainne.
“In éagmais soiléireachta, tá muid ag iarraidh ar MARA scor de cheadúnais a eisiúint d’oibreoirí móra tráchtála. Tá gá le plé bríoch leis na bainteoirí traidisiúnta feamainne ar an gceist seo – ní treoirlínte doiléire ar láithreán gréasáin amháin.
“Is cosúil go bhfuil MARA gann in acmhainní, gan aon bheartas náisiúnta ón Rialtas a threoraíonn céard is féidir leo a dhéanamh.
“Níl dóthain cosaintí sa phróiseas mar atá do na bainteoirí traidisiúnta feamainne. Is den ríthábhacht go gcloisfí a nglór agus nach mbeadh tús áite ag leasanna comhlachtaí ilnáisiúnta móra orthu toisc bearnaí a bheith sa chóras ceadúnaithe.”
29 Aibreán 2026