Sheol na Daonlathaigh Shóisialta Cairt na gCíosaithe i nGaillimh.
Sheol Míde Nic Fhionnlaoich, iarrthóir an pháirtí san fhothoghchán i nGaillimh Thiar, agus Rory Hearne TD, urlabhraí tithíochta an pháirtí, an chairt agus leagtar amach inti 10 mbeart le tithe inacmhainne ar féidir brath orthu a chur ar fáil do chíosaithe.
Dúirt Míde Nic Fhionnlaoich:
“I ndiaidh Bhaile Átha Cliath, is í cathair na Gaillimhe an dara háit is costasaí in Éirinn le háit a ghlacadh ar cíos. Agus i gConamara, tá glúin daoine óga á mbrú amach as na pobail inar tógadh iad toisc go bhfuil ag teip ar an Rialtas rialáil a dhéanamh ar ligean gearrthéarmach, rud a fhágann go bhfuil ganntanas ollmhór áiteanna ar cíos ann.
“Luaigh an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe anuraidh go raibh Gaillimh ina príomhréimse imní dóibh toisc na harduithe cíosa a bheith chomh mór sin. Is é fírinne an scéil nach acmhainn do chíosaithe ar ghnáthioncam cuid mhaith áiteanna ar cíos i nGaillimh.
“Bhí an tuarascáil is déanaí ‘Locked Out of the Market’ ó Chlanna Shíomóin na hÉireann ina léiriú ar a thubaistí atá an ghéarchéim. Sa tuarascáil sin, fuarthas amach nach raibh áit ar bith le ligean ar cíos i nGaillimh a thiocfadh isteach faoi ghnáth-theorainneacha na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíochta (HAP), agus nach raibh ach 31 áit ar fáil le ligean ar cíos ar aon phraghas.
“I gCairt na gCíosaithe, atá á foilsiú againn inniu, leagtar amach 10 bpríomhbheart le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta i nGaillimh agus ar fud na tíre ar bhealach fiúntach.”
Dúirt an Teachta Rory Hearne:
“Tá cíosaithe curtha in áit a gcarta ag an Rialtas seo. Inné féin, chuir an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe amach figiúirí lenar deimhníodh gur ardaigh líon na ndíshealbhuithe in Éirinn sa tréimhse sular tháinig na dlíthe nua cíosa isteach i mí an Mhárta go dtí na leibhéil ab airde ó aimsir an Ghorta Mhóir.
“Ó 2011 i leith, tá cíosanna i nGaillimh méadaithe 140 faoin gcéad – ó €766 go €1,833 – méadú níos airde ná an meán náisiúnta.
“Is é is aidhm linn le Cairt na gCíosaithe ná réitigh phraiticiúla a mholadh maidir leis an ngéarchéim chíosa d’fhonn dóchas a thabhairt do dhaoine. I measc na mbeart atá molta againn, tá reo cíosanna trí bliana; deireadh le díshealbhuithe gan locht; 25,000 teach inacmhainne ar cíos a thógáil as seo go ceann cúig bliana; cosc ar chreach-chistí tithe atá ann cheana a cheannach; agus dianteannadh ar ligean gearrthéarmach mídhleathach.
“Thar aon ní eile, éilítear sa chairt go mbreathnófaí ar thithíocht mar cheart daonna – agus ní mar shócmhainn do chistí infheistíochta amháin. Ba cheart an méid sin a dhaingniú sa Bhunreacht trí reifreann ar bhealach a leagfadh freagracht shuntasach ar an Rialtas an ceart sin a chosaint trí dhlíthe, trí bheartais agus trí ghníomhartha.”
18 Bealtaine 2026