Caithfidh an tAire Mara dul i gcomhar leis na bainteoirí traidisiúnta feamainne i gConamara lena chinntiú go gcosnófar a gcearta – agus éiceolaíocht an chósta – dar le hiarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta san fhothoghchán i nGaillimh Thiar, Míde Nic Fhionnlaoich.
Nocht Míde a cuid tuairimí agus í ag cur fáilte roimh Jennifer Whitmore TD – urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí talmhaíochta, bia agus mara – go Leitir Móir i gCeantar na nOileán inniu le héisteacht le nithe is údar imní do bhainteoirí feamainne na háite.
Bhí an méid seo le rá ag Míde:
“Is fadhb ollmhór é seo do na pobail anseo, agus beagnach 21,000 duine tar éis achainí ar líne a shíniú a fhéachann le cosc a chur ar chorparáidí móra stráicí móra millteacha feamainne a bhaint feadh chósta thiar na tíre.
“Tá feamainn á baint feadh chósta Chonamara leis na cianta. Gearrann bainteoirí traidisiúnta de láimh í, agus úsáidtear mar leasachán agus i réimse táirgí í. Tá cearta cuid de na bainteoirí áitiúla cláraithe ar a bhfóilió, ach níl cearta go leor eile acu cláraithe ar chor ar bith.
“Nuair a fuarthas iarratas ón gcomhlacht Ceanadach Arramara, tháinig imní mhór chun cinn faoi róbhaint; faoi shéanadh ceart ar na bainteoirí traidisiúnta, go háirithe iad siúd nach bhfuil a gcearta cláraithe; agus faoin gcaoi a dtabharfadh an córas ceadúnaithe buntáiste éagórach do chorparáidí móra toisc nach ndéanann formhór na mbainteoirí traidisiúnta a ndóthain airgid ó bhaint na feamainne gur fiú costas an cheadúnais a chlúdach.
“Tá imní dháiríre ann go mbainfí an bonn de na cearta traidisiúnta dá dtabharfaí ceadúnais do chomhlachtaí móra, agus go mbeadh ní ba mhó riosca ann don éiceachóras feadh an chósta dá dtosófaí ag baint feamainne ar an mórchóir. Caithfidh an tAire Mara éisteacht leis na nithe is údar imní do na bainteoirí traidisiúnta maidir leis an gcóras ceadúnaithe.”
Bhí an méid seo le rá ag Jennifer Whitmore TD, a bhfuil cúlra aici san éiceolaíocht, san eolaíocht mhuirí agus sa dlí comhshaoil:
“Ní haon áibhéil a rá go bhfuil sé iontach tábhachtach na cearta traidisiúnta bainte feamainne a choinneáil agus a chosaint do phobail sa taobh seo tíre. Braitheann éiceolaíocht an chladaigh ar eolas áitiúil na mbainteoirí seo, agus tá imní orthu anois – agus an ceart acu – go bhfuil eintitis mhóra tráchtála chun teacht isteach agus na hacmhainní feamainne a ídiú ar scála ollmhór.
“Tá mé féin agus Míde beirt ag seasamh go hiomlán leo siúd atá ag baint feamainne ar an nós traidisiúnta i nGaillimh. Is den ríthábhacht go n-éistfí leis na bainteoirí áitiúla – agus go dtabharfaí aird iomlán orthu – nuair a bheidh siad ag labhairt os comhair an Choiste um Iascach agus Gnóthaí Muirí ar an 28 Aibreán.”
22 Aibreán 2026