Vótáil do Susan

Tá mé ag seasamh sna toghcháin toisc go bhfuil mé ag iarraidh mo chion féin a dhéanamh leis an saol a dhéanamh níos fearr agus níos cothroime anseo in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh.

Mar aturnae um chearta an duine, creidim gur féidir leis an Aontas Eorpach ról thar a bheith dearfach a bheith aige i réimsí amhail míchumas, tithíocht, gníomhú ar son na haeráide agus cearta oibrithe. Ba mhaith liom tairbhe iomlán a bhaint as sin ar mhaithe le Deisceart Éireann.

Seo a leanas na tosaíochtaí a bheidh agam mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa:

  • Plean gníomhaíochta maidir le tithíocht inacmhainne a bhrú chun cinn ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, chomh maith lena chinntiú go mbaintear leas as institiúidí an Aontais Eorpaigh agus as maoiniú uathu le dul i ngleic leis an tubaiste tithíochta.
  • Labhairt ar son freagairt i bhfad níos láidre ón Aontas Eorpach ar an gcinedhíothú in Gaza, lena n-áirítear smachtbhannaí trádála i gcoinne Iosrael agus cosc ar dhíol arm leis an tír.
  • Tacú le gníomhú práinneach ar son na haeráide chun an comhshaol agus an saol amach anseo a chosaint, i dteannta acmhainní breise a bheith ar fáil, lena chinntiú go bhfaighimid margadh cothrom do na feirmeoirí agus na hiascairí anseo in Éirinn.
  • Cearta daoine faoi míchumas a chur i gcroílár an Aontais Eorpaigh, agus a chinntiú go bhfuil cearta agus saoirsí bunúsacha ag daoine faoi mhíchumas.
  • Meon ionchuimsitheach agus fáilteach a fhorbairt in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh, áit a n-urramaítear cearta an duine agus a ndiúltaítear scun scan dóibh siúd ar mian leo fuath agus easaontas a chothú.

Susan Doyle don Eoraip

Litir um Thoghchán - Toghcháin na hEorpa - Deisceart Éireann

Íoslódáil

Make a Donation

Help fund Susan's election campaign

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate